Aidhmeanna
In Aibreán 2002, thug Údarás na Gaeltachta agus an Foras Teanga tacaíocht
do Mhuintearas chun an tionscnamh "Tobar" a chur i bhfeidhm. Séard atá
i gceist leis an tionscnamh seo ná:
- Ábhar teagaisc i nGaeilge a chothú, a bhailiú agus a roinnt tríd an
Idirlíon
- Comhluadar agus rochtain do mhúinteoirí na Gaeltachta, do mhúinteoirí
na nGaelscoileanna agus do mhúinteoirí na Gaeilge a chruthú ar an Idirlíon
- Inneall cuardaithe Gaeilge a chruthú ar an Idirlíon a tharraingeodh
le chéile ábhar ar bith i nGaeilge atá ar an Idirlíon.
Go praiticiúil, beidh muid ag obair chun:
- acmhainní agus seirbhísí do scoileanna a chur ar fáil
- Tacaíocht theicniúil agus phearsanta a thabhairt do mhúinteoirí bunscoileanna
chun acmhainní a úsáid agus a bhailiú
- Traenáil a thabhairt do mhúinteoirí éagsúla a bheith mar áisitheoirí
don tionscnamh.
Seo píosa den litir a sheol muid chuig múinteoirí ag lorg áisitheoirí
... (tá an t-iarratas seo thart anois, ach má tá suim agat páirt a ghlacadh,
seol ríomhphost chugainn!)
|
Ag an bpointe seo, tá muid ag iarraidh 16 áisitheoir - múinteoirí
bunscoile - ochtar as an nGaeltacht agus ochtar as an nGalltacht
chun bheith páirteach sa tionscnamh. Ról an áisitheora ná:
- Freastal ar chruinniú, chun an tionscnamh a phlé agus a fhorbairt
- Freastal ar chúrsaí Samhraidh chun traenáil a fháil conas acmhainní
oideachais (fearas, bileoga oibre, leathanach idirlín, fearas
ilmheáin, srl.) a fhorbairt.
- A bheith páirteach i ngréasán tacaíochta chun cabhair a thabhairt
dá chéile.
Íocfar costais na n-áisitheoirí i rith an tionscnaimh.
Má tá suim agat a bheith páirteach sa tionscnamh spreagúil seo,
agus má úsáideann tú teicneolaíocht (ríomhphost, bogábhar, srl.)
sa rang, cuir ríomhphoist chuig eolas@tobar.ie agus giota beag faoi
aon obair atá déanta agat, nó aon suim atá agat san ábhar seo.
|
|