|
![]() |
Liosta Ríomhphost:Is deis iontach é an liosta ríomhphost chun teagmháil a choinneáil le comhghleacaithe a bhfuil suim acu sna hábhair chéanna. Tá liosta ríomhphost ann darbh ainm muinteoiri@tobar.ie Tá cead ag duine ar bith a ainm a chur ar an liosta seo, go háirithe múinteoirí a bhfuil suim acu i múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge. Conas a oibríonn sé?De ghnáth, nuair a sheolann tú ríomhphost, téann sé go díreach ó dhuine amháin go duine eile. Ar an liosta ríomhphost, nuair a sheolann tú ríomhphost go muinteoiri@tobar.ie, téann sé go dtí gach duine ar an liosta! Mar sin, tá tú in ann ceisteanna, tuairimí agus comhrá a fheiceáil de réir mar a tharlaíonn sé i measc ball an liosta, agus is féidir leat féin do dheachú a chur leis. Mar shampla:
Conas d'ainm a chur ar an liosta?Cliceáil anseo chun d'ainm a chur ar an liostaCliceáil anseo chun éirí as an liostaTar éis cliceáil thuas, osclaíonn fuinneog do phacáiste ríomhphost (mar shampla Outlook Express) agus níl ort ach cliceáil ar "Send" sa ríomhphost chun é a sheoladh. An bhfuil sé sábháilte an liosta a úsáid?Léann Tobar gach ríomhphost le scanóir víreas. Mar sin, is féidir leat a bheith beagnach cinnte (99%!!) nach bhfuil aon víreas sna ríomhphoist a fhaigheann tú ó muinteoiri@tobar.ie. Má fhaigheann muid aon ríomhphost le víreas, cuirfimid an scéal chuig an té a sheol an bun-ríomhphost le moladh agus tacaíocht agus ní scaoilfimid an ríomhphost sin tríd an liosta. Molann Tobar go mbeadh bogábhar frith-víreas agat i gcónaí
agus é bord ar bhord!
|
|
FAOI:
Lth. Baile | Aidhmeanna | Urraithe
| Teagmháil | Liosta
Ríomhphost | FAQ|
Rialacha & Coinníollacha An bhfuil cúnamh ag teastáil uait? Seol ríomhphost chuig eolas@tobar.ie, nó cuir glaoch ar 091-551412 agus luaigh "Tobar.ie". |