|
![]() |
Litir chuig múinteoirí:A Chara, Ba mhaith linn thú a chur ar an eolas faoin suíomh nua idirlín Tobar.ie. Is suíomh é seo atá dírithe ar bhunmhúinteoirí chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt dá chéile, chun ábhar teagaisc a aimsiú, a chruthú agus tairbhe a bhaint as áiseanna nuatheicneolaiochta sa seomra ranga agus i gcúrsaí oideachais go ginearálta. Tá neart smaointe, modhanna múinte, tuairimí, cartaí oibre, scéimeanna .srl i ngach scoil sa tír. Bheadh sé go hiontach an saibhreas sin a roinnt amach - anois, le Tobar.ie, tá seans againn!! Bígí linn - tá sé saor, éasca le núsaíd agus tairbheach do chách.
Tá neart ábhar le fáil ar an suíomh atá feiliúnach don scoil. Sa bhreis ar sin, tá go leor acmhainní le fáil a chuirfidh ar do chumas ábhar a chruthú thú féin. Tá pictiúirí, bogábhar saor, inneall cruthaithe suímh idirlín agus go leor eile ann. Agus tá míreanna teagaisc ann chun úsáid a bhaint as na háiseanna seo, chomh maith le fóram ar-line, seomra comhrá, liosta ríomhphoist srl. chun eolas a mhalartú. Tá fáilte romhat cuairt a thabhairt ar an suíomh agus úsáid a bhaint as na háiseanna atá ar fáil. Má tá ceisteanna nó moltaí is féidir iad a chur in iúl san fhóram ar-líne, nó i ríomhphost chuig muinteoiri@tobar.ie (ár liosta ríomhphoist), nó eolas@tobar.ie (ríomhphoist príobháideach). Seol eolas chugainn agus abair linn céard atá ar bun i do scoil-se, agus cén sórt tacaíocht ar féidir linne a thabhairt duit. Tabhair cuairt ar http://www.tobar.ie/tionscnaimh.htm, áit ar féidir leat eolas a fháil faoi na tionscnaimh a bheidh ar siúil agus is feidir leat bheith páirteach le do scoil féin.
Má tá suim ag roinnt múinteoirí i do cheantair, beidh muid sásta taispeáinteas a thabhairt go háitiúil ina mbeadh muid ag míniú na gnéithe agus na féidearthachtaí a bhaineann le Tobar.ie. Taispeáinfidh muid rudaí simplí ar féidir a dhéanamh don scoil, m.sh. úsáid Powerpoint chun ábhar Gaeilge a chruthú, agus conas cartaí oibre Mata as Gaeilge a chruthú go sciopaí. Má tá suim ag grúpa múinteóirí cruinniú/taispeántas áitiúil a fháil, déan teagmháil linn ag eolas@tobar.ie nó glaoigh ar 091-551412. Tá cruinnithe socraithe againn sna hIonaidí Oideachais i rith Mí Deireadh Fómhar - feach ar www.tobar.ie.
1. Cuir d'ainm ar an liosta ríomhphoist (Ar an leathanach www.tobar.ie/liosta.htm, cliceáil ar an nasc a deireann 'Cliceáil anseo chun d'ainm a chur ar an liosta') chun eolas reatha a fháil ar gach rud a bhaineann le Tobar - na tionscnaimh scoile chomh maith le forbairt agus úsáid ábhair. Chomh maith, beidh muid in ann aon scéal faoi acmhainní nua, nó oiche eolais i do cheantair a sheoladh chugat. 2. Cuir i gcluasa an tsaoil scéal Tobar.ie Braitheann leanúnachas na tionscnaimhe seo ar an úsáid a bhaineann múinteoirí as. Le gach dea-ghuí
|
|
FAOI:
Lth. Baile | Aidhmeanna | Urraithe
| Teagmháil | Liosta
Ríomhphost | FAQ|
Rialacha & Coinníollacha An bhfuil cúnamh ag teastáil uait? Seol ríomhphost chuig eolas@tobar.ie, nó cuir glaoch ar 091-551412 agus luaigh "Tobar.ie". |