Nóta:
Tá teagasc (tutorial) le fáil ar CD Tobar atá saor in aisce. Cliceáil anseo chun fháil
amach conas an CD saor seo a fháil.
Teagasc #1
A. Faigh an comhad (file) Muineachan.ppt
Beidh muid ag obair ar chomhad atá déanta cheana. Tá an bealach
seo níos éasca ná bheith ag tosnú ón tús :-
- Ag barr an leathanaigh seo, cliceáil ar Acmhainní, ansin Ábhar,
agus ag bun an leathanaigh, cliceáil ar an nasc "Féach ar na hAcmhainní
atá ar Tobar faoi láthair"
- Cliceáil ar an gcnaipe sa líne 'Tír Eolas' sa rannóg 'Rang 5-6'
- Chun an taispeántas a fháil, cliceáil ar dheis (right-click)
ar an gcomhad (file) Taispeántais - Muineachán - Powerpoint agus
roghnaigh "Save Target As"
- Caithfidh tú an comhad seo a shábháil ar an 'Desktop'. Beidh
an t-ainm 'MuineachanEamonn.ppt' ar an comhad.
Má
tá ceist nó tuairim agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
B. Cuir leathanach a hAon in eagar
Ar leathanach a haon, feicfidh tú léarscáil agus saighead (arrow).
Déanfaidh muid iarracht an tsaighead a bhogadh go Condae Chiarraí
- Cliceáil ar an saighead (feicfidh tú cearnóg ag gach taobh den
saighead anois
- Agus an cnaipe ar an luch brúite síos, déan iarracht an tsaighead
a bhogadh ('drag') go Condae Chiarraí
- Anois chun beochan a chur ar an saighead:
- Cliceál ar dheis ar an saighead (díreach os a cionn!!)
- Roghnaigh 'Custom Animation'
- Faoi 'Entry animation ..." roghnaigh 'Fly' agus ansin, 'From
Left'
- Bain triail as anois. Cliceáil ar 'SlideShow' (sa roghchlár)
agus ansin, 'View Show'
- Le teacht amach as an taispeántas, cliceáil ar an gcnaipe '"Esc"
ar an méarchlár
Má
tá ceist nó tuairim agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
C. Sábháil !!!!
Cliceáil ar 'File', ansin 'Save As' agus ansin athraigh an t-ainm
go 'ciarrai.ppt'
Má
tá ceist nó tuairim agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
Teagasc #2
D. Aithrigh an teideal
Ar lth a haon, feicfidh tú an teideal "Condae Mhuineacháin". Chun
an teideal seo a athrú (nó aon bhosca téacs eile!)
lean na treoracha seo:
- Cliceáil ar an téacs uair amháin
- Cliceáil arís, go bhfeicfidh tú an chúrsóir (líne
díreach).
- Scrios aon téacs ar mhaith leat a scriosadh leis an gcnaipe
'delete' nó 'del'
- Cló-scriobh do théacs féin
Sa chás seo, scríobh Condae Chiarraí
Má
tá ceist nó tuairim agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
E. Leathanach a Dó (na saigheada á mbogadh)
Chun dul ar aghaidh go leathanach eile, caithfidh tú an cnaipe
ceart a úsáid. Ar an taobh deas, feicfidh tú an scrollbharra, áit
a bhfuil trí chnaipe in aice le chéile (triantán nó ceann
saighde amháin, dhá triantáin ag díriú suas agus dhá
triantán ag díriú síos). Bain úsaid as na cnaipí
seo chun dul ó leathanach go leathanach.
- Cliceáil ar an dá triantáin atá ag díriú síos
chun dul ar aghaidh go lth 2
- Cuir an téacs in eagar (féach ar treoracha i D. thuas)
Chun na saigheada a bhogadh
- Cliceáil ar an saighead agus coinnigh an cnaipe ar an luch brúite
agus bog é síos go Condae Chiarraí
- Má dhéanann tú botún, cliceáil ar "Edit" agus "Undo"
- Chun saighead a scriosadh, cliceáil air, agus ansin cliceáil
ar "Edit" sa roghchlár agus roghnaigh "Cut"
- Chun saighead nua a fháil, cliceáil ar cheann de na saigheada
atá ann cheana agus ansin cliceáil ar "Edit" agus "Copy"
- Ansin cliceáil ar "Edit" agus "Paste".
F. Leathanach a Trí (na condaethe in aice le Ciarraí)
- Cliceáil ar an dá triantáin atá ag díriú síos
chun dul ar aghaidh go lth 3
- Cuir an téacs in eagar (féach ar na treoracha i D. thuas)
Scrios léarscáil Múineacháin
- Cliceáil ar an léarscáil ar lth a dó
- Cliceál ar "Edit" agus "Cut" chun é a scriosadh
- Cliceáil ar teideal na condaethe eile agus scrios iad ar an
gcaoi chéanna
Chun learscáil a fháil do lth a dó (Léarscáil Chiarraí leis na
chondaethe eile in aice leis), lean na treoracha seo a leanas:
- Cliceáil ar léarscáil na hÉireann atá ar leathanach a
haon
- Cliceáil ar "Edit" agus ansin "Copy"
- Téigh go dtí lth 2 agus cliceáil ar "Edit"
agus ansin "Paste"
- Anois tá léarscáil agat ar lth 2
G. Chun an léarscáil a ghearradh
- Cliceáil ar an léarscáil ar lth a dó (riachtanach!!) Tabhair
faoi deara na cearnóga beaga thart ar an bpictiúir
- Caithfimid an uirlis 'crop' a úsáid. Cliceáil ar View_Toolbars_Picture
agus cliceáil ar an gcnaipe atá cosúil le 'xx'.
- Anois, cuir an luch os cionn ceann de na cearnóga beaga atá
le feiceáil timpeall an léarscáil. Athraíonn an pointeoir luiche
a crot go siombail XX. Cliceáil ar cheann de na cearnóga,
coinnigh an cnaipe ar an luch brúite agus bog an luch chun
an léarscáil a ghearradh. Lean ar aghaidh leis seo, ionas nach
mbeidh ach Condae Chiarraí agus na condaethe in aice le Chiarraí
fágtha
Teagasc #3
Má
tá aon cheist agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
H. An léarscáil agus na teidil
Chun an léarscáil a mhéadú
- Cliceáil i lár an léarscáil (athraíonn an pointeoir luiche a
crot go dtí cros)
- Anois cliceál ar an gcearnóg thus ar dheis, coinnigh
an cnaipe ar an luch brúite agus bog an luch suas agus
ar dheis agus méadaigh an léarscáil amach ar an gcaoi sin.
Chun lipéid a chur ar na condaethe
- Cliceáil ar View_Toolbars_Drawing agus cliceáil ar an gcnaipe
atá cosúil le leathanach bheag le 'A' istigh. Muna bhfuil an cnaipe
seo le feiceáil, cliceáil arís ar View_Toolbars_Drawing
- Anois, clóscríobh "Luimneach"
- Ansin, bog an teideal ionas go mbeidh se in aice le Condae Luimneach
ar an léarscáil. Chun an bosca téacs a bhogadh,
caithfidh tú cliceáil ar an bhfráma atá timpeall ar an
scríobh "Luimneach", an cnaipe ar an luch a choinneáil
brúite agus an luch a bhogadh go dtí go mbeidh an
bosca san áit ceart - níor cheart cliceáil ar an bhfocal
féin ach díreach ar an bhfráma. Déan an rud céanna
leis na teideil eile.
- Chun dathanna an bhosca téacs seo a athrú, bain triail
as an trí chnaipe seo: an buicéad, an peann agus an 'A' mór. Bain
triail as.
Má
tá ceist nó tuairim agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
I. Na leathanaigh eile
Déan iarracht na leathanaigh eile a chur in eagar. Beidh tú in
ann an téacs a athrú gan aon fhadhb.
Chun pictiúirí a fháil (mar sh. pictiúirí daoine mór le rá ó Chondae
Chiarraí), cliceáil anseo
agus clóscríobh foca(i)l cuardaithe. Beidh tú in ann gach phictiúir
a shábháil trí cliceáil ar dheis agus 'Save Picture As'.
Ansin beidh tú in ann an pictiúr a úsáid i do thaispeántas.
Bí cinnte an CD
a fháil ó Tobar.ie, áit a gheobhaidh tú comhairle maidir
le ceadúnas (copyright srl.) agus teagasc maidir le úsáid
Powerpoint chun ábhar i nGaeilge a chruthú.
Ná déan dearmad gach comhad a shábháil agus nuair a tá tú sásta
leis, seol an comhad chuig eolas@tobar.ie - Go raibh míle maith
agat!
Má tá aon cheist agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
|
|
Réamhrá:
Sa tionscnamh seo, beidh muid ag iarraidh leathanach ilmheáin (multimedia)
a chur le chéile. Beidh aghaidh os ár gcomhair, agus tar éis
cliceáil ar an srón, beidh an focal 'srón' le cloisteáil. Tar éis
an taispeántas seo a chur le chéile, beidh tú in ann a mhacasamhail
a dhéanamh chun leathanaigh a fhorbairt faoi na baill coirp, chondaethe,
uimhreacha, ainmhithe srl.
Má
tá ceist nó tuairim nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
Teagasc #1
A. Na fuaimeanna/focail á dtaifeadadh #1
- Cliceáil ar Start_Programs_Accessories_Entertainment_Sound Recorder
(Tá bealaigh eile ann chun é seo a dhéanamh, ach seo ceann acu...).
- Má tá fadhbanna agat an 'Sound Recorder' a fháil, déan é seo:
Cliceáil ar 'Start' agus 'Run'. Clóscríobh isteach SNDREC32 agus
cliceáil "OK", agus osclóidh an Sound Recorder
- Faigh micreafón agus bí cinnte go bhfuil sé plugáilte isteach
taobh thiar den ríomhaire san áit cheart. De ghnáth bíonn íomhá
(icon) le pictiúr micreafóin in aice leis an bpoll.
- Bain triail as an micreafón mar seo: Cliceáil ar an gcnaipe
dearg (i bhfuinneog an Sound Recorder), agus féach an bhfuil aon
athrú ar an líne uaine. Má fheiceann tú an líne ag athrú, beidh
fhios agat go bhfuil an micreafón ag obair.
Má
tá ceist nó tuairim agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
B. Na fuaimeanna/focail á dtaifeadadh #2
- Cliceáil ar File_New (ar an 'Sound Recorder') chun tosnú arís,
chun focal nua a chur isteach
- Cliceáil ar an gcnaipe dearg
- Abair an focal 'srón' isteach sa micreafón - Cliceáil ar chnaipe
na cearnóige bige
- Cliceáil ar File_Save As agus sabháil é mar "sron" ar an desktop.
Conas?
- cló scriobh "sron" - NÁ scriobh "srón" - bíonn trioblóid
leis na síntí fada ó thaobh ainmneacha comhad (filenames)
de.
- Sa bhosca in aice leis na focail 'Save in', athraigh an
áit go 'Desktop'
- Déan an rud céanna arís chun na focail eile seo a thaifeadadh:
- srón,
- smig,
- súil,
- cluas,
- scornach,
- béal,
- clár éadain
Ag deireadh an cheachta seo, beidh ocht focail agat ar an Desktop
(sron.wav, smig.wav srl.). Má tá ceist nó tuairim agat nó rud le
cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
C. Oscail Powerpoint agus tosaigh le leathanach glan
- Oscail Powerpoint [Start_Programs_Microsoft Office_Powerpoint,
nó bealach cosúil leis seo]
- Má osclaítear aon fhuinneog / teachtaireacht, cliceáil ar 'cancel'
- Cliceáil ar File_New_Blank Presentation
- Ansin faoi 'choose an AutoLayout' roghnaigh an leathanach glan,
agus cliceail "OK"
Maith thú!! Leis na leaganacha difriúla (Powerpoint 97, office
2000 etc.), b'fhéidir nach bhfuil na treoracha thuas 100% ceart.
Mar sin caithfidh tú triail a bhaint as do leagan féin. Má tá aon
cheist agat, cliceáil ar an nasc seo: www.tobar.ie/vb/forumdisplay.php?forumid=2
agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
- An bhfuil cnaipe beag le cearnóg le feiceáil ar an scáileán?
Tá sé le fáil ar chnaipe in aice le íomhánna eile (saighead
beag dubh, ciorcail, Leathanach le 'A' beag .srl.) Muna bhfuil
an chearnóg sin le feiceáil, cliceáil ar View_Toolbars_Drawing
(sa roghchlár) agus tiocfaidh sé.
Cliceáil ar chnaipe
na cearnóige agus téigh suas le do luch go dtí an leathanach.
Brú cnaipe na luiche, coinnigh síos é agus bog an luch ('drag')
agus déan cearnóg beag ar an gcaoi sin.
- Maith thú. Cliceáil ar File_Save As agus sábháil an taispeántas
ar an 'Desktop' leis an teideal "aghaidh"
Má
tá aon cheist agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
Teagasc #2
D. Fuaim a cheangail leis an bhosca
Anois, caithfimid bosca téacs a dhéanamh, agus fuaim/glór
a cheangail leis an mbosca (ionas go mbeidh glór le cloisteáil nuair
a chliceáiltear ar an mbosca).
Tá cleas ann chun é sin a dhéanamh. Cuirfimid boscaí
os cionn na súl, an béil srl. agus beidh na boscaí seo dofheicthe.
Ansin nuair a chliceáileann tú ar an mbéal, beidh tú i ndáiríre
ag cliceáil ar cheann de na boscaí dofheicthe!!
Oscail an comhad (file) 'aghaidh.ppt' (muna bhfuil sé oscailte
agat cheana). Ná bac le dath an bhosca nó dath imeall an bhosca
fós.
- Nuair a bheas an bosca téacs déanta agat, cliceáil
ar dheis ar an mbosca, roghnaigh 'Action Settings' agus roghnaigh
'Play Sound'
- Ar an liosta in aice le 'Play Sound' roghnaigh 'Other Sound'
agus cliceáil ar an gcomhad 'sron.wav' atá déanta agat cheana.
(Beidh sé ar an 'Desktop')
- Chun triail a bhaint as an mbosca, cliceáil ar 'Slideshow_View
show' (sa roghchlár)
As seo amach, nuair a chliceáileann tú ar an mbosca sin, cloisfidh
tú an focal "srón" (mar atá taifeadta sa chomhad fauaime
sron.wav)
E. Na boscaí eile á gcruthú
Déan a an rud céanna le boscaí eile. Beidh boscaí
difriúla agat do:
- srón,
- smig,
- súil,
- cluas,
- scornach,
- béal,
- clár éadain
F. An aghaidh a chur sa Chúlra
Cliceáil ar an nasc seo chun
an comhad a fháil. (Cliceáil ar dheis agus roghnaigh 'Save Picture
As' chun an pictiúir a shábháil ar an Desktop)
- Cliceáil ar 'Insert Picture, From File' agus ar an Desktop,
feicfidh tú an an comhad 'aghaidh.jpg'.
- Cliceáil ar dheis ar an bpictiúir, agus roghnaigh 'Order_Send
To Back' (beidh an aghaidh mar cúlra as seo amach)
- Méadaigh an pictiúir (tarraing ar na chearnóig bheaga atá thart
ar an phictiúir)
Má
tá aon cheist agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
Teagasc #3
G. Na boscaí á socrú
Anois caithfimid na boscaí a shocrú thart ar an aghaidh, agus iad
a bheith dofheicthe.
- Bog na boscaí os cionn na aghaidhe. Caithfidh an bosca leis
an fuaim beal.wav bheith os cionn an bhéil srl.
- Athraigh crot na mboscaí (leis na cearnóga atá thart ar gach
bosca)
Chun na boscaí a bheith dofheicthe
- Cliceáil ar dheis ar an mbosca agus roghnaigh 'Format Autoshape'
- Faoi 'Colours and Lines' athraigh:
- 'Fill Colour' go dtí 'No Fill'
- 'Line Colour' go dtí 'No Line'
Maith thú :-) Anois bain triail as an taispeántas agus cliceáil
ar an mbosca dofheicthe chun an fuaim a chloisteáil. Deán an rud
céanna leis na boscaí eile.
Ná déan dearmad an comhad a shábháil agus nuair a tá tú sásta leis,
seol an comhad chuig eolas@tobar.ie - Go raibh míle maith
agat!
Má tá aon cheist agat nó rud le cur san áireamh, cliceáil
anseo agus cliceáil ar 'sruth nua' nó 'Powerpoint'
|