Seol scéal Tobar.ie chuig do chairde    Leagan simplí den leathanach seo le priondáil

 

Tobar.ie

Rialacha & Coinníollacha

Is deis iontach é an t-idirlíon chun teagmháil a choinneáil le comhghleacaithe a bhfuil suim acu sna hábhair chéanna. Léigh na rialacha seo. Tá ort aontú leo chun na háiseanna ar Tobar.ie a úsáid.


Go hiondúil, cuirtear ríomhphost ó dhuine amháin chuig duine eile. Trí Liosta Seachadta a úsáid, is féidir ríomhphost a chur chuig céad múinteoir ag an am. Is deis chumasach é Liosta Seachadta chun tacaíocht agus eolas a iarraidh ar mhúinteoirí eile, cur agus a chúiteamh a dhéanamh ar ábhar agus cairdeas a bhunú beag beann ar an láthair tíreolaíochta.

Rialacha:

Caithfidh tú na rialacha seo a leanas a léamh agus glacadh leo sula ligfear duit clárú leis an Liosta Seachadta seo:

Ní ionann gnáth-chomhrá idir dhaoine ar aon láthair agus plé trí Liosta Seachadta. Cabhraíonn cúpla bunriail le míthuiscintí a sheachaint chomh maith agus is féidir. Ba mhaith linn na pointí seo a leanas a shoiléiriú maidir le Liosta Seachadta Tobar.ie:

  • Ní dhéanann Tobar.ie aon fhiosrú faoi ionannas na rannpháirtithe sa Liosta Seachadta cé is moite den eolas a iarrtar uathu le linn cláraithe. Is oideachasóirí an chuid is mó de na rannpháirtithe, ach ní gá gur mar sin atá i ngach cás.
  • Nuair a chuirtear ráiteas mífheiliúnach nó clúmhillteach ar a súile do riarthóirí Tobar.ie, fiosrófar an scéal agus déanfar gach is gá a dhéanamh chun é a chur ina cheart. Is oraibhse, rannpháirtithe, áfach atá an dualgas na riarthóirí a chur ar an eolas faoin scéal trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@tobar.ie.
  • Cuimhnigh gur ar mhaithe le plé a dhéanamh idir múinteoirí atá an Liosta Seachadta seo ann. Ní hé an Liosta seo an bealach is feiliúnaí chun aiseolas a thabhairt do lucht riartha Tobar.ie.


Treoirlínte Ríomhphoist:

Ba cheart go mba é bís chun foghlama agus fonn comhphlé le do chuid comhghleacaithe a spreagfadh thú agus tú ag baint úsáide as na háiseanna ar-líne seo.

  • Iarraimid ort caitheamh go múinte béasach le do chuid comhghleacaithe.
  • Cloigh leis an téama céanna (.i. "Subject" sa ríomhphost) más rud é gur ag freagairt ar ríomhphost leis an téama céanna atá tú.
  • Léigh ár "dTéarmaí agus Coinníollacha" anseo thíos.
  • I gcúrsaí ríomhphoist is ionann focail a chlóscríobh i gCINNLITREACHA agus a bheith ag BÉICÍL.
  • Ní fiú duit freagra a sheoladh nach bhfuil ann ach ráiteas gearr ar nós "Sea" nó "Aontaím" nó rud éigin mar sin (ach amháin má tá ráiteas greannmhar éigin leis).
  • Déan teagmháil le Tobar.ie má tá fadhb agat le húsáid an Liosta Seachadta.
  • Go raibh maith agat as ucht na treoirlínte seo a léamh.

Téarmaí agus Coinníollacha.

Is ionann na háiseanna idirghníomhacha ar shuíomh Tobar.ie a úsáid agus a chur in iúl go nglacann tú leis na rialacha seo a leanas:

Tá cóipcheart ag Tobar.ie i ngach a fhoilsítear ar an suíomh seo. Is gá cead a lorg agus a fháil roimh ré má theastaíonn uait aon chuid den ábhar seo a fhoilsiú.

Tá rúndacht i gceist leis an Liosta Seachadta agus le teachtaireachtaí san fhóram. Má fhaigheann tú aon teachtaireacht nach mbaineann leatsa trí dhearmad, cuir riarthóirí Tobar.ie ar an eolas láithreach bonn. Ní ceadmhach teachtaireacht a shroicheann ar an gcaoi sin thú a phoibliú, a chóipeáil nó a athrú.

Seasann riarthóirí Tobar.ie lena gceart teachtaireachtaí nó ráitis a cheaptar a bheith mí-fheiliúnach agus nach réitíonn le dearcadh an togra a chur in eagar nó a scriosadh. Coscfar daoine a leanann orthu ráitis den chineál seo a eisiúint anseo de bheith rannpháirteach sna fóraim agus liostaí seachadta feasta.
Freisin, tharlódh sé go scriosfar ráitis atá níos sine ná 30 lá ar bhonn rialta.

Fanann Tobar.ie glan ar táirgí a mholadh nó freagracht a ghlacadh astu. Glactar leis, má fhaightear moladh den chineál sin ar an suíomh seo, gur tuairim phearsanta de chuid an té a d'eisigh an ráiteas áirithe sin atá i gceist seachas tuairim de chuid Tobar.ie féin.

Níl cead ábhar mí-dhleathach, mí-gheanasach, clú-mhillteach nó bagarthach a fhoilsiú trí áiseanna Tobar.ie, ná ábhar a chuirfeadh isteach ar chóipchearta nó cearta ginearálta daoine eile, ná go deimhin ábhar a chuirfeadh isteach ar bhogábhar nó crua-earra.

Ní ghlacann Tobar.ie aon fhreagracht as eolas a bheadh ar fáil ar suíomhanna seachtracha a thiocfaí orthu trí tagairtí nó nascanna ar Tobar.ie nó aon áis de chuid Tobar.ie ar nós fóraim, liostaí seachadta, seomraí comhrá nó fuaim-chomhdháiliú; Ní ghlacann Tobar.ie aon fhreagracht ach an oiread as aon mhíbhuntáiste a bheadh ag duine a dhéanann gníomh nó cinneadh bunaithe ar eolas atá ar fáil ar an suíomh seo.

Ní bheidh Tobar.ie nó a chuid fostaithe, gníomhairí ná duine ar bith a raibh lámh nó páirt aige/aici i ndearadh, cruthú nó dáileadh na leathanach seo freagrach as damáiste díreach, timpisteach nó iarmartach, ar a n-áiritear caillteamas brabúis, deontais, dáta nó eile de bharr úsáidte na leathanach seo, agus gan áireamh na dtarlúintí nach mbeifear freagrach as a bheith teoranta dó sin.

Is é polasaí Tobar.ie ná rúndacht gach chineáil eolais a thiocfadh ina dtreo de bharr úsáidte an suímh seo a chosaint go dlúth. Ní bheidh teacht ar an eolas sin ach amháin ag rannpháirtithe atá cláraithe le Tobar.ie, agus ní sceithfear aon eolas le daoine nó eagraíochtaí eile.

Má bhaineann tú úsáid as an suíomh idirlín seo, tarscaoileann tú aon cheart a bheadh agat dliteanas a mhaíomh ar an Ard-Aighne ná ar an Stát as aon chaillteamas a tharlódh duit agus tú ag brath ar ábhar ón suíomh seo.


Chun dul ar aghaidh, caithfidh tú cliceáil ar cheann de na roghanna seo a leanas
        

 


Léim go Barr an Leathanach

FAOI: Lth. Baile | Aidhmeanna | Urraithe | Teagmháil | Liosta Ríomhphost | FAQ| Rialacha & Coinníollacha
ÁBHAR DUIT: Acmhainní | Stór Pictiúir | Cluichí | Cuardaigh Tobar
TIONSCNAIMH DO SCOILEANNA:
Tionscnaimh do Scoileanna | Tráth na gCeist | Scoil na Míosa | Tacaíocht Theicniúil
CRUTHÚ ÁBHAIR : Réamhrá | Uirlisí Bogábhar | CD Tobar | Teagasc | An Fóram ar-líne | An Cruthaitheoir
SUÍOMHANNA GAEILGE: Inneall Cuardaigh | Foclóir | Scoileanna | Oll-Liostaí Téarmaíochta

EILE: Pobalbhreith | Cuardaigh an t-Idirlíon | Cuardaigh Íomhánna

An bhfuil cúnamh ag teastáil uait? Seol ríomhphost chuig eolas@tobar.ie, nó cuir glaoch ar 091-551412 agus luaigh "Tobar.ie".

Léim go Barr an Leathanach

© 2001, 2002, 2003 Tobar.ie   Gach ceart ar cosaint.