Conas 'An Chruthaitheoir' a úsáid
A. Faigh spás idirlín do do thionscnamh
- Seol ríomhphoist chuig tionscnamh@tobar.ie
le d'ainm, ainm do scoile agus teideal (gearr) do thionscnaimh.
- Seolfaidh muid sonraí chugat maidir le do spás idirlín,
agus teagasc gearr conas do thionscnamh
a chruthú.
- Téigh ar-líne chuig an 'seoladh baile' a chuir muid
chugat [faoi chéim 2] (m.sh. www.tobar.ie/tionscnamh/ainmhinaheireann/baile)
- Feicfidh tú teideal 'Bainistíocht do Shuiomh' ar chéad leathanach
'An Cruthaitheora'. Ansin, scríobh isteach ainm an tionscnaimh
agus an focal faire chuir muid chugat [faoi chéim 2]. Anois,
ta tú réidh do thionscnamh a chruthú :-)
B. leathanaigh á gcruthú
Tá dhá chéim anseo:
- Na leathanaigh a chruthú (suas go dtí 10 lth. in aghaidh
an tionscnaimh)
- Roghchláir a chruthú (an 'menu' ar an taobh chlé a chabhróidh
le cuairteoirí dul ó leathanach go leathanach)
Céim 1. - (na leathanaigh)
Pioc
dearadh ('layout') don chéad leathanach [.i. Cliceáil ar aon
de na leathanaigh]
- Líon na bearnaí. Beidh tú in ann téacs
a scríobh, nó a chóipeáil ó MS Word
mar shampla, agus íomhanna
a chur isteach atá agat cheana ar doríomhaire.
- Cliceáil ar an gcnaipe 'Cuir an leathanach i gcrích'.
- Lean ar aghaidh mar seo go dtí go bhfuil gach leathanach déanta
agat.
Céim 2. - (an "Déantóir Roghchláir")
- Cliceáil ar an nasc 'Céim 2. - Go dtí an Deantóir Roghchláir'

- Líon na bearnaí. Beidh tú in ann dathanna
a
phiocadh don chúlra, don téacs srl. Ar an leathanach seo,
beidh ort teideal (m.sh. an choinín) agus ainm an chomhad (m.sh.
anchoinin) a chur ar gach leathanach.
- Beidh do thionscnamh le feiceáil ag an seoladh atá luaite
sa ríomhphost teagaisc chuir muid chugat [faoi chéim 2]
(m.s. www.tobar.ie/tionscnamh/ainmhinaheireann)
- Cliceáil ar an gcnaipe
má tá cabhair ag teastáil uait.
Ansin, scríobh chugainn arís (seol ríomhphost chuig
tionscnamh@tobar.ie) a rá
go bhfuil an tionscnamh déanta agat. As seo amach, beidh tú
in ann dul ar ais chuig do thionscnamh agus na leathanaigh a chur in eagair
agus a athrú, íomhanna a chur isteach nó a athrú
srl.
|