|
|
Oiriúnach do ...
|
Cur Síos
|
Sonraí
|
| 1. Scoil na Coicíse |
Gach Scoil - Galltacht, Gaeltacht, idirnáisiúnta
..
[Ó Mhí Mheán Fómhair amach]
|
Is fiosrach an dream muid - múinteoirí! :-)
Bheadh sé go hiontach breathnú isteach i scoileanna eile chun tuairimí
faoi mhodhanna múinte agus foghlama a fháil ó na ballaí, ón timpeallacht
agus ó shamplaí oibre na ndaltaí! |
1. Seol fiche grianghraf chugainn
agus tabharfaimid tosaíocht do do scoilse ar feadh coicíse ar an
suíomh.
(Muna bhfuil ceamara digiteach agat, seol chugainn
an fiche grianghraf sa phost. Tá an seoladh poist anseo).
|
| 2. Mo Chontae |
Rang 2 - Rang 6
[Mí Dheireadh Fómhair]
|
Tá múnla ar fáil faoi Chontae Mhuineachán. Oscail an taispeántas
seo, agus cuir in eagar é do chontae eile.
Chomh maith, tá teagasc ar fáil (fís-scannán a théann tríd an gceacht
céim ar chéim) ar an CD ó Tobar.
|
1. Cliceáil
anseo chun an Powerpoint 'Muineachán' a fháil
2. Cuir in eagar é i do rang.
3. Seol chugainn do leagan atheagraithe (eolas@tobar.ie) agus cuirfimid ar
fáil é do scoileanna eile.
(Más maith leat, déan tionscnamh ar do bhaile/cheantar/
srl.)
|
|
3. An Bailiúchán
- le TalkSender
&
Comórtas
TalkSender
|
Naíonán - Gach Rang
[Mí na Samhna]
|
Leis an mbogábhar "TalkSender" beidh tú in ann tionscnamh fuaime
a chraobhscaoileadh ar fud an Domhain.
Táimid ag lorg:
- Rannta
- Amhráin
- Scéalta
- ?(is fút féin atá sé rudaí nua a chumadh)
Cliceáil anseo chun
níos mó eolais a fháil ar an gcomórtas TalkSender
|
1. Faigh an bog-ábhar iontach seo atá
éasca le húsáid: "TalkSender". Tá sé saor in aisce agus le
fáil anseo (leagan Windows
| Leagan Mac).
a) Déan taifead (le TalkSender) agus seol chuig eolas@tobar.ie (tá áis seolta san
áireamh i TalkSender)
b) Tar éis an phéire a eagrú, beidh na scoileanna ag teagmháil
eatarthu féin.
Mar is gnáth, beidh tacaíocht theicniúil le fáil san
Fhóram.
|
|
? e-Cara
Curtha ar ceal - Ní dóigh liom go bhfuil na scoileanna
réidh do e-Cara faoi láthair.
|
|
Leis an mbogábhar "TalkSender" beidh tú in ann tionscnamh fuaime
a chraobhscaoileadh ar fud an Domhain.
b) Beidh muid ag eagrú scoileanna le chéile - an scéal faoi seo
ar an liosta ríomhphoist. I do rangsa, beidh ar dhalta teachtaireacht
a sheoladh chuig dalta eile sa bhfoirm seo:
- Freagra ar an gceist
- Eolas faoin áit / suimeanna / srl.
- Ceist a chur
|
|
| 4. Caith do chrann tomhais |
|
Tá cluichí bunaithe ar rannóga téarmaíochta
le fáil ar na leathanaigh seo.
Ba mhaith linn níos mó cluichí a chumadh, bunaithe ar ghrúpaí focal
atá oiriúnach sna scoileanna. |
1. Scríobh amach liosta focal, tabhair teideal don liosta agus
luaigh cén rang a bheidh ag cur leis an ábhar.
2. Seol chugainn é ar ríomhphost (eolas@tobar.ie) agus cuirfimid ar
fáil é do scoileanna eile mar chluiche.
|
| 5. Tionscnamh ar-líne |
Rang 5 - Rang 6
|
Leis an uirlis seo, beidh tú in ann tionscnamh ar-líne a chruthú.
B'fhéidir go bhfuil tionscnamh faoi Daniel O Connell, ainmhithe
na hÉireann, nó na dathanna crochta timpeall ar bhallaí do scoile
. Bheadh sé go hiontach do thionscnamh a chur ar-líne go bhfeicfidh
daltaí agus scoileanna eile do chuid oibre.
Níl aon ghá FTP nó Dreamweaver, nó aon bhogábhar casta a úsáid
- Is féidir do leathanaigh a chur ar-líne le do bhrabhsálaí amháin
(m.sh. Internet Explorer). Chun spás a fháil do do thionscnamh,
seol ríomhphost chuig tionscnamh@tobar.ie le d'ainm,
ainm do scoile agus teideal do thionscnaimh. Seolfaidh muid sonraí
chugat maidir le do spás idirlín, agus teagasc gearr
conas do thionscnamh a chruthú. Bain triail as!! Má tá tú in ann
é seo a léamh ar an idirlíon, beidh tú in ann an cruthaitheoir
a úsáid!
|
1. Bí ag smaoineamh ar ábhar oiriúnach le cur ar-líne.
2. Bailigh an téacs agus aon phictiúirí atá ag baint leis an tionscnamh.
Bheadh sé níos éasca dá mbeadh
- an téacs scríofa amach agat m.sh. i MS Word
- na pictiúirí bailithe agat i bhfillteán ar do ríomhaire (m.sh.
i bhfoirm .jpg nó .gif).
Beidh tú in ann pictiúirí a fháil:
3. Cliceáil anseo
chun do thionscnamh a chur ar-líne
|
| 6. Leabhair ilmheáin |
Naíonán - Rang 6
|
Táimid ag iarraidh áis a chruthú chun leabhair ilmheáin, bunaithe
ar scéal a sheolann scoil chugainn, a chur le chéile.
Beidh an leabhrán seo le fáil ar CD agus tríd an idirlíon agus
beidh pictiúirí, fuaim na bhfocal, cnaipí chun dul ar aghaidh, leathanaigh,
beochan srl. ann.
|
1. Bí ag smaoineamh ar ábhar oiriúnach le cur ar-líne.
2. Bailigh an téacs agus aon phictiúirí atá ag baint leis an tionscnamh.
3. Scríobh amach do leabhrán in MS Word
4. Seol na focail (nó na habairtí) chugainn ag úsáid 'TalkSender'
(le fáil anseo).
Nótaí Fuaime:
- Ba cheart go mbeadh gach focal/abairt soiléir.
- Cuir ainm an fhocail (nó an abairt) sa 'subject line' i TalkSender
agus seol iad go léir in aon
lá amháin (ionas nach mbeidh siad meascaithe le tionscnaimh eile)
5. Seol chugainn (eolas@tobar.ie) do leabhrán in MS
Word.
|
| 7. Tionscnaimh neamhspleácha |
Naíonán - Rang 6
|
Leis na huirlisí atá ar fáil ar CD Tobar (cliceáil anseo chun na sonraí
a léamh), beidh tú in ann tionscnaimh eile a chruthú.
Mar shampla, tá 'Hot potatoes' iontach éasca le húsáid ag daltaí
agus ag múinteoirí.
|
Seol aon tionscnamh atá déanta
agat chugainn agus go raibh míle maith agat!!
Má tá tionscnamh déanta agat ar an idirlíon cheana féin, cuir ríomhphost chugainn, agus tabhair
seoladh suíomh idirlín na scoile dúinn. Cuirfimid an seoladh ansin
isteach san inneall cuardaigh.
|
| 8. Do Thionscnamh! |
|
|
|